An Dr Bat Masterson
PRÍOMHIMSCRÚDAITHEOIR
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá an Dr Bartholomew Masterson  ina Ollamh Taca de chuid Scoil na hEolaíochta Bithmhóilíní agus Bithleighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  Roimhe seo, bhí sé ina Léachtóir Sinsearach le Bithcheimic in COBÁC.  Is Ball den Chumann Idirnáisiúnta Uisce é.

Tá baint aige le fada an lá le taighde ar thruailliú miocróbach uiscí áineasa.  Bhunaigh sé grúpa taighde idirdhisciplíneach sa bhliain 1998 chun dul i mbun staidéir ar thruailliú miocróbach na n-uiscí snámha i mBré, Co. Chill Mhantáin, i gcomhar le comhpháirtithe in Ollscoil na Breataine Bige, ar staidéar é a fuair maoiniúchán ó INTERREG-II.  Leathnaigh an chomhpháirtíocht sin an taighde chuig tionscadal SMART a fuair maoiniúchán ó chlár INTERREG-IIIa agus a bhain le cáilíocht uisce áineasa  Bhaile Átha Cliath agus le cáilíocht uiscí sliogéisc i gCuan Bhanú, Co. Loch Garman.   Ba é a ghníomhaigh mar cheannaire tionscadail na hÉireann i leith thionscadal iCREW INTERREG-IIIb agus bhí sé ina bhall den Bhord Bainistíochta Idirnáisiúnta i leith an tionscadail sin in éineacht le comhpháirtithe as an bhFrainc, as an bPortaingéil, as an Spáinn agus as an Ríocht Aontaithe.  Bhain an obair i leith iCrew le forbairt teicníochtaí rianaithe foinsí móilíneacha bitheolaíochta i leith miocrorgánaigh tháscacha féinitíopa sa timpeallacht uisceach.  Le gairid, chuir comhpháirtíocht na hÉireann-na Breataine Bige tionscadal INTERREG-IVA dar teideal “Cóstaí Cliste=Pobail Inbhuanaithe” i gcrích, ar tionscadail é a bhí dírithe ar fhorbairt múnlaí réamh-mheastacha i leith truailliú miocróbach agus ar chur i bhfeidhm teicníochtaí rianaithe foinsí.

Faoi láthair, tá an Dr Masterson gníomhach i ndáil le dhá thionscadal eile.  Trí Acclimatize, atá á mhaoiniú ag Clár Comhair na hÉireann-na Breataine Bige, táthar ag féachaint le bearta a bhfuil gá leo chun déileáil le héifeachtaí an athraithe aeráide ar thruailliú uisce snámha a cheapadh agus trí SWIM, atá á mhaoiniú ag INTERREG-VA, táthar ag féachaint leis na múnlaí réamh-mheastacha is fearr a aimsiú i leith truailliú miocróbach i gcás uiscí snámha áirithe de chuid réigiún trasteorann na hÉireann agus le comharthaíocht chomhairleach phoiblí a fhorbairt.

X

This project has been part funded by the ERDF though the Ireland Wales Programme 2014 -2020.
www.irelandwales.eu

This site is registered on wpml.org as a development site.