
Príomhthaighdeoir
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Is Ollamh le Micribhitheolaíocht é Wim Meijer agus ina Cheann Roinn an Taighde Bhithmhóilínigh agus Bithleighis ag Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath leis. Díríonn a chuid taighde ar dhá réimse téamacha taighde: caighdeán an uisce agus sláinte an duine/ainmhithe. Sa chomhthéacs seo stiúir sé tionscadail taighde arna maoiniú ag gníomhaireachtaí maoinithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear Fondúireacht Eolaíochta Éireann, an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, an tAontas Eorpach, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Díríonn a thaighde téamach ar chaighdeán an uisce in uiscí snámha, in aibhneacha agus i srutháin i dtaca le truailliú faecach, pataiginí agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus é ag obair i ndlúthchomhar le comhghleacaithe i ndisciplíní eile agus le húdaráis áitiúla agus le comhlachtaí rialála náisiúnta. Tá foireann taighde de chuid an Ollaimh Meijer i gceannas ar anailís saotharlainne a dhéanamh don Chlár Náisiúnta um Faireachas Fuíolluisce i gcomhar le comhghleacaithe ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte, ón tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Uisce Éireann. Tá sé mar aidhm ag an gclár seo fáil amach cé chomh leitheadúil is atá SARS-COV-2 agus pataiginí víreasacha daonna eile, géinte frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, chomh maith le léargas a fháil ar úsáid drugaí aindleathacha i measc mhuintir na hÉireann trí eipidéimeolaíocht bunaithe ar fhuíolluisce.