Smart Coasts

Maidir le Cóstaí Cliste = Pobail inbhuanaithe

Bhí sé mar aidhm ag Cóstaí Cliste = Pobail Inbhuanaithe pobail i limistéir INTERREG in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag a ullmhú chun luach geilleagrach agus straitéiseach na n-uiscí gar do chladach dá ngeilleagair a chaomhnú agus cuidiú le haidhmeanna na Straitéise Liospóin agus an Dearbhaithe Gothenburg ar an gcaoi seo trí chur go díreach le forbairt inbhuanaithe. Tugadh faoi dhá ghníomh thaispeána idirspleácha ar chósta na hÉireann agus na Breataine Bige (Bré, Contae Chill Mhantáin in aice le dobharcheantar na Deargaile agus limistéir gar don chladach agus cois cósta timpeall Chuan Swansea).Swansea Bay).

Bhí sé mar aidhm ag na gníomhaíochtaí comhlántacha seo na modhanna a léiriú atá de dhíth chun bainistiú fíor-ama a dhéanamh ar uisce snámha d’fhonn sláinte an phobail a chosaint agus comhlíontacht uisce snámha a chinntiú ar bhealach inbhuanaithe i dtaobh córais uisce snámha chasta. Chuige seo forbraíodh córais bhainistíochta fhíor-ama, ar mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an chéad lá riamh iad, agus atá glactha isteach sa Treoir um Uisce Snámha ó shin i leith.

Maidir le feidhm a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus córais fhaisnéise poiblí fíor-ama ar forbraíodh iad mar chuid den tionscadal, ba é an aidhm leis seo ná feabhas a chur ar an gcaoi ina ndéantar sláinte an phobail a chaomhnú agus a bheith ag cur le líon na dtránna a éiríonn leo caighdeáin nua an AE a bhaint amach, le gur féidir leo gradaim amhail an Bhratach Ghorm a bhaint amach ar an gcaoi seo.

Fuair an tionscadal Acclimatize cuid dá mhaoiniú ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF) trí bhíthin Chlár na hÉireann-na Breataine Bige (INTERREG 4A).

Cad chuige

Más féidir caighdeán an uisce in uiscí cois cósta a thuar i bhfíor-am d’fhéadfaí é seo a úsáid chun cosaint shláinte an phobail a chinntiú agus tuilleadh uiscí snámha ‘den chéad scoth’ a chruthú sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn. Molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte seo..

Conas

Rinne Cóstaí Cliste = Pobail Inbhuanaithe samhlacha bainistithe praiticiúla a fhorbairt ag dhá láthair eiseamláireacha in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Ag na láithreacha seo, bhailíomar sonraí den scoth chun bonn a chur faoi shamhail a dhearadh ar bhealach inchreidte. Rinneadh iniúchadh ar dhá chineál samhla: (i) samhlacha feidhmiúlachta simplí ina mbaineann comhlíontacht le, cuir i gcás, tairseacha báistí nó sreafa abhann; agus (ii) samhlacha níos casta próiseasbhunaithe ina dtugtar rith chun srutha ó dhromchla talún le chéile le patrúin shreafa gar don chladach sa chaoi is go bhfeictear an dúrud truailleán ag áiteanna snámha atá thíos leis. Dearadh na huirlisí samhaltaithe le bheith cineálach, inaistrithe agus chun ionchur oibríochtúil praiticiúil nach beag ónár gcomhpháirtithe sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn a chur san áireamh sa dearadh dóibh.

Mar fhothoradh den obair, sholáthar an fháil sonraí nua faisnéis den scoth maidir leis an méid a chuir foinsí éagsúla leis an truailliú i gcomórtas lena chéile ag na huiscí glactha ag an dá láthair thaispeána. Sa Bhreatain Bheag, bainfidh DŵR Cymru / Gníomhaireacht Uisce agus Comhshaoil na Breataine Bige leas as an acmhainn sonraí seo lena chinntiú go ndéantar cinntí atá éifeachtúil ó thaobh costas de agus fianaisebhunaithe maidir le haon straitéis fheabhsúcháin amach anseo ina gcaithfear díriú ar bhonneagar ‘poncfhoinse’ agus ar ualú truaillithe ‘foinse scaipthe’ ó dhobharcheantair atá ag draenáil isteach san fharraige.

Cá háit

Roghnaíomar Cuan Swansea agus Trá Bhré don tionscadal seo d’aon turas, is é sin, uiscí snámha nach meastar iad a bheith ar ardchaighdeán faoi láthair. Bhí Cuan Swansea agus Cuan Bhré fóirsteanach don tionscadal seo, ó tharla nach ceantair thionsclaithe iad agus tránna acu atá faoi fhad siúil de na mílte cónaitheoirí, agus ar áiteanna iad a bhfuil tarraingt mhór orthu le haghaidh gníomhaíochtaí turasóireachta agus spórt uisce agus infheistíocht nach beag faighte acu chun bonneagar agus áiseanna fóillíochta a fheabhsú.

Cathain

Cuireadh tús leis an tionscadal i mí Iúil 2010 agus tugadh chun críche é agus rinneadh tuairisciú faoi in 2015.

Príomhthaighdeoirí

  • An tOllamh David Kay (Ollscoil Aberystwyth) – An Príomhthaighdeoir i gCeannas
  • An tOllamh Wim Meijer (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)
  • An Dr Mark Wyer (Ollscoil Aberystwyth)
  • An tOllamh Comhlach John O’Sullivan (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)
  • An tOllamh Gregory O’Hare (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

Ár gComhpháirtithe:

Maidir leis an gClár Maoinithe

Ba iad Tionól Réigiúnach an Deiscirt in Éirinn a bhainistigh an Clár Éireann 2007 – 2013 faoi Chistí Struchtúracha an AE 2007-2013. Tacaíonn Tosaíocht 2 den Chlár le tionscadail a théann chun tairbhe do phobail áitiúla sa cheantar trasteorann agus tá siad ag teacht go dlúth le straitéisí AE, na hÉireann agus WAG a fhéachann le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus dul i ngleic le hathrú aeráide.

Tionscadail Taighde Gaolmhara Roimhe Seo

ICREW (Uiscí Cois Cósta agus Fóillíochta a Fheabhsú do Chách – Limistéar an Atlantaigh Interreg IIIB

Príomhthaighdeoirí (COBÁC)

  • An tOllamh Wim Meijer
  • An Dr Bartholomew Masterson

An cuspóir a bhí ag ICREW ná cur le líon na ndaoine a bhain leas as uiscí cois cósta agus intíre chun críocha fóillíochta d’fhonn cur le rath eacnamaíochta inbhuanaithe agus an truailliú a laghdú agus caighdeán an uisce sna huiscí céanna a fheabhsú le go mbeadh caighdeán na beatha níos fearr ag na daoine ag cur fúthu i gceantar an Atlantaigh.

Socraíonn Treoir um Uisce Snámha an AE caighdeáin éigeantacha maidir le caighdeáin an uisce ag áiteanna uisce snámha. Leasaíodh an Treoir seo in 2006 agus tá na caighdeáin nua i bhfad níos doichte ná na cinn a bhí ann roimhe.

Tá infheistíocht shuntasach déanta cheana féin ar fud an AE chun feabhas a chur ar chóireáil eisiltigh camrais a scaoiltear isteach inár n-aibhneacha agus ar ár gcóstaí. Mar sin féin, cuireann na caighdeáin nua sa Treoir iallach orainn ár n-aird a thógáil ó sceití móra séarachais le díriú ina ionad sin ar chineálacha truaillithe nach bhfuil chomh follasach céanna, amhail rith chun srutha scaipthe ó thalamh talmhaíochta. B’ionann na haschuir ó ICREW agus uirlisí i bpáirt a thabhairt do bhallstáit lena bhféadfaidís iniúchadh a dhéanamh ar thruailliú agus é a laghdú, ar bhealach a spreagann cloí go comhsheasmhach le caighdeáin na Treorach ar fud an AE.

SMART (Bainistiú Inbhuanaithe de chaighdeán an uisce gar don chladach ar mhaithe le Dobharshaothrú, Fóillíocht agus Turasóireacht) – Interreg IIIA Éire agus an Bhreatain Bheag

Príomhthaighdeoirí

  • An tOllamh David Kay
  • An Dr Bartholomew Masterson

Tríd is tríd an aidhm a bhí leis an tionscadal SMART ná forbairt a dhéanamh ar thorthaí thionscadal Interreg IIIA na gcomhpháirtithe “Caighdeáin AE a bhaint amach in uiscí fóillíochta” agus uirlisí réamh-mheastacha ar forbraíodh iad le haghaidh anailís a dhéanamh ar bhuiséad truaillithe ar bhealach comhtháite agus samhaltú ríomhaire a dhéanamh ar fhoinsí truaillithe “poncfhoinse” agus “scaipthe” lena chinntiú go mbainistítear iascaigh sliogiasc agus timpeallachtaí uisce fóillíochta den scoth ar bhealach inbhuanaithe in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Go sonrach, bhain an tionscadal úsáid as an tsamhail chomhpháirteach “foinsí dobharcheantair scaipthe” ar fhorbair na foirne í mar chuid dá dTionscadal Interreg II deireanach agus cuireadh i bhfeidhm é ar thrí limistéar nua, is é sin: Cuan Carmarthen (an Bhreatain Bheag), Cuan Bhaile Átha Cliath agus Cuan Bhanú (Éire.)

Gailearaí

Swansey and Bray

Sampling Ireland

Sampling Wales

UCD Persistence Study

Smart Coasts Launch Ireland

X

This project has been part funded by the ERDF though the Ireland Wales Programme 2014 -2020.
www.irelandwales.eu

This site is registered on wpml.org as a development site.