An tOllamh David Kay
PRÍOMHIMSCRÚDAITHEOIR
Ollscoil Aberyswyth

Is é David Kay an tOllamh le Comhshaol agus Sláinte in Ollscoil Aberystwyth. Tá obair déanta aige mar shainchomhairleoir agus/nó mar chomhairleoir do WHO, AE, USEPA, NERC, EPSRC, DEFRA, DWI, HPa, Rialtas na hAlban, An Ghníomhaireacht Chomhshaoil, SEPA agus WRc maidir le nithe a bhaineann le huisce áineasa agus snámha. Rinne sé stiúradh ar thrí thionscadal taighde agus forbartha teicneolaíochta (RTD) de chuid an Aontais Eorpaigh a bhí ceaptha chun an bonn eolaíochta le haghaidh Threoir 2006 maidir le hUisce Snámha (EPIBATHE, VIROBATHE agus VIROCLIME) a neartú. Le déanaí, d’oibrigh David Kay sna róil seo a leanas:

  • comhairleoir speisialtóireachta don fhiosrúchán a rinne Roghchoiste Theach na dTiarnaí um na Comhphobail Eorpacha ar athbhreithniú Threoir AE maidir le hUisce Snámha;
  • sainchomhairleoir do EU-DGXI maidir le caighdeáin athbhreithnithe le haghaidh uiscí snámha ar fud an chomhphobail;
  • ball de Choiste Comhairleach Eolaíochta NERC ar an Tionscnamh maidir leis an gComhshaol agus le Sláinte an Duine;
  • ball de ghrúpa stiúrtha WHO ar thruailliú idirleata ó dhramhaíl bheostoic agus na héifeachtaí ar shláinte an duine;
  • comhairleoir do WHO maidir le ceapadh Treoirlínte faoi uisce áineasa agus maidir le measúnacht riosca a bhaineann le cúrsaí uisce;
  • sainchomhairleoir do WHO agus do UNEP maidir le forbairt a dhéanamh ar mheasúnacht ualaigh galair dhomhanda i réimse an uisce agus na sláintíochta agus ar na sonraí uisce agus sláintíochta a úsáidtear chun Spriocanna Forbartha inbhuanaithe a cheapadh;
  • comhairleoir do USEPA maidir le hathbhreithniú Threoirlínte Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le cáilíocht uisce; agus
  • sainchomhairleoir do WHO agus do AE maidir le hathbhreithniú na Treorach maidir le hUisce Snámha (2006).

An Dr Mark Wyer
TAIGHDEOIR IARDHOCHTÚIREACHTA
Ollscoil Aberyswyth

Rinne an Dr Mark Wyer staidéar ar dhinimic cothaitheach i ndobharcheantair agus, i leith an staidéir sin, fuair sé MSc i gCeanada agus fuair sé PhD sa Bhreatain Bheag. Mar eolaí iardhochtúireachta, tá obair cheannródaíochta déanta aige i leith imscrúduithe na Ríochta Aontaithe ar dhinimic mhiocróbach dobharcheantar agus ar na bealaí ina dtéann orgánaigh tháscacha faecais agus pataiginí isteach in uiscí cósta gar don chladach. Tá os cionn 100 saothar, idir pháipéir agus thuarascálacha, foilsithe aige maidir leis an réimse seo agus tá obair ghaolmhar déanta aige maidir leis na héifeachtaí sláinte a bhaineann le gníomhaíochtaí áineasa muirí agus uisce úir.

Bhí sé i gceannas ar an obair a bhain le múnlú fíorama cháilíocht an uisce snámha, ar obair í a rinneadh mar chuid de thionscadal Cóstaí Cliste le maoiniúchán ó AE agus ar dá bharr a athraíodh láithreán staidéir Bhá Swansea ó uisce snámha ‘i mbaol’ go haicmiú ‘Maith’ go comhsheasmhach.  Tá meithleacha oibre allamuigh na Breataine Bige á mbainistiú ag Mark le haghaidh thionscadal Acclimatize agus beidh sé i gceannas ar bhailiú, ar thiomsú, ar ghlanadh, ar anailísiú agus ar thuairisciú sonraí. Le linn a chuid ama shaoir is maith leis cnocadóireacht a dhéanamh agus ceol acústaice a sheinm.


Dr Arwyn Edwards
PRÍOMHIMSCRÚDAITHEOIR
Ollscoil Aberyswyth

Arwyn Edwards is Reader in Biosciences in the Institute of Biological, Environmental and Rural Sciences and Director of the Aberystwyth University interdisciplinary Centre for Environmental Microbiology. His research interests focus on the interactions between microbes in the environment and global challenges, and he has applied novel methods for genomics-based analyses of microbial communities across the world. He is currently an advisor to the Welsh Government on environmental science aspects of COVID-19. He has published over 60 papers since his 2009 PhD and currently leads two UKRI funded projects. Arwyn is leading the microbial source tracking component of ACCLIMATIZE.


Paula Hopkins
RIARTHÓIR TIONSCADAIL
Ollscoil Aberyswyth

Tá Paula Hopkins ina Riarthóir Sinsearach do Ionad Taighde Comhshaoil agus Sláinte (CREH) ó bhí an bhliain 1990 ann.  Tá freagracht ar Paula i ndáil le gnéithe cléireachais agus iniúchta airgeadais de thionscadail a chuireann CREH i gcrích le maoiniúchán ó chistí struchtúracha AE. I measc na dtionscadal eile a raibh sí páirteach iontu roimhe seo áirítear Pobail Inbhuanaithe na gCóstaí Cliste (i gcomhar le COBÁC in Éirinn freisin).  I measc freagrachtaí eile a bhí uirthi áirítear idirchaidreamh poiblí, earcú meithleacha oibre allamuigh agus earraí agus seirbhísí a fháil le haghaidh tionscadail a raibh maoiniúchán ina leith á fháil ó Rialtas na Breataine Bige agus ó AE.


An Dr Carl Stapleton
TAIGHDEOIR IARDHOCHTÚIREACHTA
Ollscoil Aberyswyth

Tá os cionn cúig bliana is fiche de thaithí ag Carl Stapleton ar thaighde agus ar shainchomhairleoireacht i réimsí na cáilíochta uisce, na bpróiseas abhann, inbhir agus cósta, agus na geomoirfeolaíochta.  San Institiúid Taighde Comhshaoil agus Sláinte, bhí baint ag Carl le raon ilchineálach tionscadal cáilíochta uisce inar imscrúdaíodh cáilíocht uisce óil, cáilíocht uisce snámha, múnlú buiséid miocrób agus cothaitheach, rianairí miocrób, rianú foinsí miocrób agus scrúdú ar an bhféidearthacht go dtarlóidh eotrófú in uiscí cósta.

Ina theannta sin, tá tuairisciú déanta ag Carl i ndáil le heipidéimeolaíocht uisce snámha, leis an tionchar a imríonn cóireáil fheabhsaithe dramhuisce ar ualaí galair, agus le héifeachtacht próiseas cóireála, agus tá taighde nuálach déanta aige ar an tionchar a imríonn próisis díghalraithe UV ar eisilteach séarachais stoirme gan chóireáil. Tá taithí fhorleathan ag Carl ar cheapadh agus ar bhainistiú tionscadail taighde a raibh meithleacha móra allamuigh páirteach iontu, agus ar ina leith a bhí gá go minic le comhordú a dhéanamh ar mheithleacha suirbhéireachta ar an tír mór agus amach ón gcósta (i.e. ar bháid).


An Dr Cheryl Davies
TAIGHDEOIR IARDHOCHTÚIREACHTA
Ollscoil Aberyswyth

Fuair an Dr Cheryl Davies PhD sa Roinn Innealtóireachta Sibhialta in Ollscoil Newcastle upon Tyne. Tá taithí iardhochtúireachta 25 bliana aici ar raon leathan gnéithe den tsláinte phoiblí agus ar mhicribhitheolaíocht uisce agus dramhuisce. Roimhe seo, bhí sí ar fostú ag WRc (an Ríocht Aontaithe) agus CSIRO, ag Sydney Water agus ag Ollscoil New South Wales (an Astráil) mar eolaí taighde agus tá obair déanta aici ar raon leathan tionscadail a bhaineann le huisce idir staidéir ar chinniúint agus modh iompair miocrób agus staidéir ar dhaoine deonacha chun bith-infhaighteacht alúmanaim in uisce óil a chinneadh.


X

This project has been part funded by the ERDF though the Ireland Wales Programme 2014 -2020.
www.irelandwales.eu

This site is registered on wpml.org as a development site.