Ná Fág ach Lorg Lapaí i do Dhiaidh

Ar cheann de na haidhmeanna ba mhó a bhí ag an tionscadal Acclimatize 2017 – 2023 ná tomhas a dhéanamh ar cé chomh mór agus a chuir gach ceann de na foinsí truaillithe le méid an ábhair fhaecaigh i gCuan Bhaile Átha Cliath. Mar chuid de seo, thug an fhoireann faoi staidéar a dhéanamh chun tomhas a dhéanamh ar cé chomh mór agus a chuir salú ag madraí isteach ar chaighdeán uisce snámha.

In Éirinn, déanann an t-údarás áitiúil monatóireacht ar uisce snámha le linn an tséasúir snámha, idir an 1 Iúil agus an 15 Meán Fómhair. Déantar an caighdeán uisce a rangú bunaithe ar an leibhéal de bhaictéir táscaire faecach a aimsítear i sampla uisce de réir na Treorach um Uisce Snámha[1]. E.coli an t-ainm atá ar na baictéir seo agus tá eintreacocas stéigeach aimsithe i ngoile ainmhithe aonteasach, daoine san áireamh. Tagann siad isteach sa timpeallacht uisce tríd ábhar faecach. Is féidir le truailliú faecach ar thránna teacht ó roinnt foinsí, ar nós camras agus salú ag ainmhithe, madraí san áireamh. Tá a lán pataiginí baolacha i bhfaecas madra, agus is féidir bagairt shuntasach a bheith bainteach leo ó thaobh sláinte phoiblí de, nuair nach bhfuil siad aisghafa ag úinéirí peata. Tá an bhagairt seo follasach go háirithe ar thránna poiblí, áit a bhfuil seans níos mó ag daoine dul i dteagmháil dhíreach le faecas madra ag snámh agus le gníomhaíochtaí fóillíochta eile.

Bheartaigh foireann Acclimatize chun tionchar na héifeachta atá le salú ag madraí ar chaighdeán an uisce snámha, a mheas ar cheithre thrá i mBaile Átha Cliath: Dumhach Thrá agus Trá Mhuirfean i mBaile Átha Cliath, agus trá Dhomhnach Bat agus trá Phort Reachrann i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Rinne an fhoireann suirbhéanna ar shalú ag madraí ar gach trá chun an meánlíon faecas madra a fhágtar orthu in aghaidh lá amháin, a mheas. Úsáideadh GPS chun taifead a dhéanamh ar an áit ar aimsíodh gach cac madra chun na háiteanna is measa de shalú ag madraí a aithint.

Úsáideadh uirlisí móilíneacha ar a dtugtar rianú foinse miocróbaigh (RFM) chun anailís a dhéanamh ar an bhfoinse as a raibh an truailliú faecach ag teacht agus d’éirigh leis an bhfoireann Acclimatize foinse an ábhair fhaecaigh a shainaithint ó shamplaí uisce. Bhrath an fhoireann an marcóir madra RFM i roinnt samplaí d’uisce snámha ó ar fud Bhaile Átha Cliath [2].

Bhain an staidéar chomh maith leis an leibhéal E. coli agus eintreacocas stéigeach i bhfhaecas mhadraí na hÉireann, a mheas, le samplaí faecas a bhailiú ó hionaid dídine madra timpeall Chúige Laighean. D’áirigh an fhoireann go bhfuil beagnach 3 bhilliún CFU do E. coli agus 350 milliún CFU d’eintreacocas stéigeach i gcac mhadra amháin. Tugann sé seo le fios gur féidir le cac madra amháin limistéar uisce (0.5m ar dhoimhneacht) thart ar an tomhas céanna le cúirt leadóige a mhilleadh.

  1. EU, Directive 2006/7/EC of the European Parliament and of the Council of 15 February 2006 concerning the management of bathing water quality and repealing Directive 76/160/EEC. Official Journal of the European Union, 2006. 64: p. 14.
  2. Reynolds, L.J., et al., Correlation between antimicrobial resistance and faecal contamination in small urban streams and bathing waters. Sci Total Environ, 2020. 739: p. 140242.
X

This project has been part funded by the ERDF though the Ireland Wales Programme 2014 -2020.
www.irelandwales.eu

This site is registered on wpml.org as a development site.