Taighde

Ba thionscadal é Acclimatize 2017 – 2023 ar thug taighdeoirí in Éirinn (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC)) agus sa Bhreatain Bheag (Ollscoil Aberystwyth) faoi. An aidhm a bhí againn ná fáil amach conas a éiríonn uiscí cois farraige truaillithe i mbealach a d’fhéadfadh cur isteach ar shláinte phoiblí, agus conas a d’fhéadfadh athrú aeráide cur isteach ar cháilíocht na n-uiscí seo amach anseo. Fuair an tionscadal Acclimatize cuid dá mhaoiniú ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí bhíthin Chlár na hÉireann-na Breataine Bige 2014 – 2020. Cuireadh tús le Acclimatize i bhFeabhra 2017 agus cuireadh deireadh leis in 2023.

Cé a d’oibríomar leo?

In Éirinn d’oibríomar i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Fhine Gall, An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Uisce Éireann (Irish Water tráth dá raibh), An Chomhpháirtíocht Bhithsféir Chuan Bhaile Átha Cliath agus Uiscebhealaí Éireann.

Sa Bhreatain Bheag, d’oibríomar i gcomhar le Dŵr Cymru Welsh Water, Natural Resources Wales agus ionadaithe ó Rialtas Áitiúil na Breataine Bige (Cyngor Sir Ynys Môn/Comhairle Contae Inis Món, Comhairle Pobail Llanbadrig, Comhairle Contae Cyngor Sir Ceredigion, Cyngor Sir Penfro/Comhairle Contae Pembrokeshire) agus Llywodraeth Cymru/Rialtas na Breataine Bige agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha (trí bhíthin an Health Partnership for Wales (Grúpa Uiscí Snámha)).

Cad a rinneamar

Bhaineamar leas as meascán de neart oibre allamuigh, traschriosanna trá, sampláil mhuirí agus suirbhéanna ar shalú madraí, d’anailís saotharlainne agus de mhonatóireacht hidriméadrach agus mheitéareolaíochta chun faisnéis a bhailiú faoinár láithreacha staidéir. Trí leas a bhaint as rianú foinsí miocróbacha bhíomar in ann a dhéanamh amach cárbh as ar tháinig an truailliú (is é sin, an raibh daoine, madraí, faoileáin, nó ba taobh thiar de). Thugamar an fhaisnéis seo le chéile leis an eolas atá ann cheana féin faoi chúrsaí abhann agus le tuartha aimsire agus aeráide chun samhlacha réamh-mheastacha hidridinimiciúla staitistiúla a thiomsú.

Sa ghearrthréimhse, féadfar na samhlacha seo a úsáid chun an baol atá ann do na huiscí snámha a fháil amach. Thiomsaíomar tuartha ar feadh tréimhsí níos faide chomh maith suas le deireadh an chéid, tuartha ina raibh athrú aeráide curtha san áireamh. Beidh an fhaisnéis seo ina cabhair do lucht déanta beartas agus d’údaráis áitiúla chun cosaint a thabhairt do na háiseanna agus na hacmhainní luachmhara a chuireann uiscí snámha ar fáil.

Cá háit

Éire

  • Cnocán na Gainimhe, Baile Átha Cliath
  • Trá Mhuirfean, Baile Átha Cliath
  • Trá Chnocán Doirinne, Baile Átha Cliath
  • Domhnach Bat (Trá Bhaile Carraige), Baile Átha Cliath
  • Port Reachrann (Trá an tSrutháin), Baile Átha Cliath
  • Abhantrach na Canálach Móire, Baile Átha Cliath

An Bhreatain Bheag

  • Cemaes Bay, Inis Món
  • Traeth y Dolau/An Ché Thuaidh nua, Ceredigion
  • Traeth Gwyn, Ceredigion
  • Nolton Haven, Pembrokeshire

Achoimre ar na torthaí

Foinsí truaillithe

  • Is minic a bhíonn caighdeán an uisce gar don chladach níos measa ná caighdeán an uisce amach ón gcósta.
  • D’fhéadfadh táscairí faecaigh a bheith éagsúil, faoi 100 – 10,000 a bheith ann in aon lá amháin.
  • Na cúiseanna taobh thiar de dhroch-chaighdeán uisce:
    • Sruthanna truaillithe a bheith ag sceitheadh isteach sna tránna (truailliú ó dhaoine agus ón talmhaíocht).
    • Salú ag madraí – is leor cac madra amháin chun achar ar aon mhéid le cúirt leadóige a thruailliú.
    • Éin – nuair a chruinníonn éin le chéile, m.sh. le linn imirce, is féidir leo truailliú a dhéanamh go háitiúil.

Athrú aeráide

  • Táthar ag súil go dtiocfaidh athrú ar thitim báistí agus go bhféadfadh samhraí a bheith níos tirime agus geimhrí níos fliche dá bharr. Athróidh an méid a chuirtear isteach ar cháilíocht uiscí snámha de bharr athrú aeráide de réir an tséasúir mar sin.
  • Seans go dtiocfadh feabhas ar chaighdeán an uisce de bharr:
    • Leibhéal na mara ag ardú as a dtiocfaidh caolú na dtruailleán.
    • Más tirime iad na samhraí d’fhéadfadh níos lú uisce dromchla agus níos lú sceití ó CSOnna a bheith ann.
  • D’fhéadfadh cúinsí seachtracha cur isteach ar cháilíocht an uisce amach anseo, m.sh. má dhéantar uasghrádú ar ionaid chóireála fuíolluisce nó má thagann athrú ar líon na dtréada déiríochta.

Torthaí

  • Tá sárthuiscint againn anois ar shaintréithe miocróbacha agus hidridinimiciúla na sruthán, na n-aibhneacha agus na n-uiscí snámha sna láithreacha staidéir Acclimatize.
  • A bhuí leis na samhlacha réamh-mheastacha staitistiúla agus hidridinimiciúla a d’fhorbraíomar d’uiscí snámha faoin gcathair agus faoin tuath, tá tuiscint níos fearr againn anois ar dhinimic cháilíocht na n-uiscí snámha.
  • A bhuí le forbairt samhlacha fianaisebhunaithe, tá tuiscint níos fearr anois ar an mbaint idir an áit a sceitear truailliú agus na huiscí snámha a d’fhéadfadh a bheith thíos leis an truailliú.
  • Tá tuiscint níos fearr againn anois ar conas a théann athrú aeráide i bhfeidhm ar na cúinsí a chuireann le truailliú uiscí snámha le hábhar faecach.
  • Gníomhaíochtaí for-rochtana chun aird a tharraingt ar conas a théann caighdeán an uisce in olcas de dheasca salaithe ó mhadraí.
  • A bhuí le tacaíocht ó Chlár na hÉireann/na Breataine Bige bhíomar in ann páirt a ghlacadh i dtionscadail faireacháin fuíolluisce SARS-CoV-2 agus, mar thoradh air seo, cuireadh an Clár Náisiúnta um Faireachán Fuíolluisce SARS-CoV-2 ar bun in Éirinn.

Tionchair

  • Cuireann ár gcuid oibre ar chumas ár gcomhpháirtithe tionscadail sa dóigh is gur féidir leo idirghabhálacha fianaisebhunaithe, spriocdhírithe a dhéanamh chun feabhas a chur ar chaighdeán an uisce i srutháin, in aibhneacha agus in uiscí snámha.
  • Cúlra eolaíoch curtha ar fáil chun tacú le cinntí beartais atá de dhíth chun uiscí snámha a bhainistiú.
  • Samhlacha forbartha le cáilíocht an uisce ó lá go lá a thuar. Droch-chaighdeán uisce a thuar agus baol don tsláinte a laghdú trí rabhadh a thabhairt do dhaoine roimh ré.
  • Táthar tar éis cur leis an méid a thuigtear faoi na bealaí ina bhféadfadh athrú aeráide cur isteach ar chaighdeán uisce snámha, rud a chuirfidh ar chumas ár gcomhpháirtithe tionscadail infheistíochtaí a dhéanamh a sheasfaidh an aimsir i dtaca le feabhas a chur ar chaighdeán an uisce.
  • Tá leas á bhaint as torthaí Acclimatize chun eolas a dhéanamh d’athbhreithniú ar chaighdeáin de chuid EDS [Eagraíocht Dhomhanda Sláinte] agus an AE.
  • Agus feabhas á chur againn ar chaighdeán an uisce, beimid in ann an baol de thinneas agus pataiginí a tholgadh ó thruailliú faecach a laghdú.
X

This project has been part funded by the ERDF though the Ireland Wales Programme 2014 -2020.
www.irelandwales.eu

This site is registered on wpml.org as a development site.