An Dr Laura Sala-Comorera
TAIGHDEOIR IARDHOCHTÚIREACHTA
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá an Dr Laura Sala-Comorera ina Taighdeoir Iardhochtúireachta ar Thionscadal Acclimatize.  Tá MA san Eolaíocht Chomhshaoil aici, mar aon le PhD sa Mhicribhitheolaíocht agus sa Bhiteicneolaíocht Chomhshaoil. ó Ollscoil Barcelona. Bhí a taighde PhD dírithe ar staidéar agus ar thréithriú pobal heitreafóbach in uisce mianraí nádúrtha agus i ngléasraí cóireála uisce óil agus, chomh maith leis sin, ar mheasúnú a dhéanamh ar mhodhanna éagsúla, éifeachtúla, daingne, tapa atá le húsáid mar ghnáthmhodhanna anailísithe.

Tá taithí 6 bliana ag an Dr Sala-Comorera ar obair i saotharlanna micribhitheolaíochta i ngrúpa taighde MARS (Micribhitheolaíocht Uisce i dtaca le Cúrsaí Sláinte) agus tá páirt glactha aici i roinnt tionscadal a bhaineann le micribhitheolaíocht chomhshaoil. Tá sí ina ball de Líonra Tagartha Biteicneolaíochta na Catalóine, de Chumann Micribhitheolaíochta na Spáinne agus de Chónaidhm Eorpach na gCumann Micribhitheolaíochta. Roimhe seo, bhí sí ina ball de choiste eolaíochta Chomhdháil Bhliantúil na dTaighdeoirí Óga san Institiúid Taighde Uisce in Ollscoil Barcelona. Tá freastal déanta ag an Dr Sala-Comerera ar roinnt comhdhálacha a bhaineann lena réimse saineolais agus tá ailt foilsithe aici in irisí innéacsaithe.

X

This project has been part funded by the ERDF though the Ireland Wales Programme 2014 -2020.
www.irelandwales.eu

This site is registered on wpml.org as a development site.